Smidiríní i Sligeach!
Sat. 8 Aug. 2 – 4.30 pm
€10pp
Ceardlann ar an mion-dealbhóireacht ghloine leis an ealaíontóir Karen Ní Dhomhnalláin, ball de choiste AAG.
Foghlaimeoimid na bunrudaí maidir le bheith ag obair go cruthaitheach le gloine sa cheardlann seo le Karen Ní Dhomhnalláin agus an bhéim ar an gcleachtadh, an tsimplíocht, agus an spraoi.
Gearrfaidh tú an ghloine, brisfidh tú í, greanfaidh tú í, smálfaidh tú í, greamóidh tú í agus lannóidh tú í, agus meascfaidh tú le meáin mheasctha í chun sraith de mhiondealbha a chruthú. Níl aon taithí ealaíne ag teastáil.
Cad ba cheart duit a thabhairt leat?
Soláthrófar gloine fuinneoige, ach tabhair leat rudaí suimiúla breise chun do chuid féin a dhéanamh de na miondealbha: éadach, ábhair nádúrtha, rudaí aimsithe, páipéar, crua-earraí. Fág aon rud luachmhar sa bhaile agus cruthóimid go fiánta!

